Rug Muire Mac Do Dhia歌词
Rug Muire Mac do Dhia
Íosa Críost, Triath na Reann
Maireann dá éis ina hóigh
An bhean is dóigh do gach dall.
Buime is Máthair Mhic Dé Bhí
Bean mar í ní fhaca súil
Bean ler oscladh flaitheas Dé
Do mholfas mé os gach dúil.
Ní cosúil í le mnáibh
Muire Mhór an bláth nach críon
Ní cosúil balsam le moirt
Le lionn goirt ní cosúil fíon.